Paroles de Si Bheag, Si Mhor

Planxty
34725
Imreas mór tháinig eidir na ríoghna,
Mar fhíoch a d'fhás ón dá chnoc sí,
Mar dúirt an tSídh Mór go mb'fhearr í féin,
Faoi dhó go mór ná 'n tSídh Bheag.
"Ní raibh tú ariamh chomh uasal linn,
I gcéim dár ordaíoch i dtuath ná i gcill;
Beir uainn do chaint, níl suairceas ann,
Coinnigh do chos is do lámh uainn!"
An tráth chruinnigh na sluaite bhí an bualadh teann,
Ar feadh na machaireacha anonn 's anall;
'S níl aon ariamh dár ghluais ón mbinn
Nár chaill a cheann san ár sin.
"Parlaidh! Parlaidh! agus fáiltím daoibh,
Sin agaibh an námhaid Charn Chlann Aoidh,
Ó bhinn Áth Chluain na sluaite díobh,
'S a cháirde grá dhach, bí páirteach!"
InterprètePlanxty
LabelING
Paroles ajoutées par nos membresParoles ajoutées par nos membres